Handleiding
Je bekijkt pagina 4 van 90

1. Forbhreathnú ar an
Scáileán Baile
Nasc an teilifís leis an Idirlíon chun an leas is fearr a
bhaint as do Smart TV. Brúigh (Baile) ar do
chianrialtán chun do scáileán Baile a fháil. Díreach
cosúil le d'fhón cliste nó do thaibléad, is é an scáileán
Baile croí do theilifíse. Ón scáileán Baile féadann tú
cinneadh a dhéanamh cé air a fhéachfaidh tú trí na
roghanna siamsaíochta ó fheidhmchláir a bhrabhsáil.
Tá an scáileán Baile eagraithe i rónna chun ligint duit
teacht ar inneachar ó na feidhmchláir is ansa leat.
Féadfaidh gach feidhmchlár a mholtaí féin a ghiniúint
(más ann dóibh) de réir a roghanna féin mar ró aonair
sa scáileán baile.
Buaicphointí nua ar do scáileán baile
Leis na cluaisíní iolracha amhail Baile, Cainéil,
Feidhmchláir agus Cuardaigh , is féidir leat
scannáin agus seónna a fháil amach ó do sheirbhísí
agus ó do chuid aipeanna móréilimh. Is éard atá sa
chluaisín ná bailiúchán ábhar ar líne saor in aisce lena
n-áirítear nuacht, teilifís agus scannáin, stíl
mhaireachtála, siamsaíocht, spóirt, ceol, bealaí do
pháistí agus greann. Is balliuchán feidhmchlár é an
táb Feidhmchláir a ligeann duit scannáin a thógáil
amach ar cíos ar líne, nuachtáin a léamh, agus
éisteacht le ceol, nó siopadóireacht a dhéanamh ar
líne nó féachaint ar chláir teilifíse nuair a fheileann sé
duit le Online TV. Is féidir leat an réimse ionchuir a
thruicearú freisin leis an táb Cuardach.
Feidhmchláir Ceanáin
Is ar an gcéad ró atá na Feidhmchláir is ansa leat. Tá
an líon feidhmchlár atá réamhshuiteáilte sa ró seo.
Déantar ord a chur ar na bhfeidhmchláir seo de réir
comhaontaithe gnó le soláthraithe seirbhíse
inneachair. Gheobhaidh tú na Feidhmchláir sa ró seo,
cosúil le Féach ar Theilifís, Brabhsálaí
Idirlín, Meáin agus eile.
YouTube agus Netflix
Sa ró seo tá na físeáin atá Molta duit, físeáin ó
shuíomhanna a bhfuil tú cláraithe leo, nó físeáin atá
ag Treochtáil ar YouTube agus Netflix.
Rochtain a fháil ar shocruithe ón scáileán Baile
Is féidir leat rochtain a fháil ar an roghchlár Gach
Socrútrí an deilbhín sa choirnéal ar thaobh na láimhe
deise. Is féidir leat teacht freisin ar na Socruithe
Minice agus Mear-roghchlár le socruithe coitianta sa
Roghchlár Teilifíse Philips, is féidir a agairt go díreach
ón gcianrialtán.
Eolaire Teilifíse
Roghnaigh Eolaire Teilifíse chun an tEolaire Teilifíse
de do chainéil teilifíse suiteáilte a oscailt.
Foinsí
Roghnaigh FOINSÍ chun féachaint ar na foinsí atá
ar fáil ar an teilifís seo agus iad a athrú.
Tabhair faoi deara:
• Más í an Ghearmáin nó an Fhrainc do thír suiteáilte,
beidh táb breise Luach Poiblí ar an scáileán baile
chun feidhmchláir Gnéfheidhmchláir a liostú.
• Más í an Ríocht Aontaithe do thír suiteáilte, beidh
cluaisín TV Guide breise ar an scáileán baile chun an
Treoir Teilifíse de do chainéil teilifíse suiteáilte a
nascadh.
4
Bekijk gratis de handleiding van Philips 65PUS9050, stel vragen en lees de antwoorden op veelvoorkomende problemen, of gebruik onze assistent om sneller informatie in de handleiding te vinden of uitleg te krijgen over specifieke functies.
Productinformatie
Merk | Philips |
Model | 65PUS9050 |
Categorie | Televisie |
Taal | Nederlands |
Grootte | 9403 MB |