Handleiding
Je bekijkt pagina 22 van 90

Analógach: Suiteáil de Láimh
(Baile) > Socruithe > Cainéil > Suiteáil
aeróige/Cábla > Analógach: suiteáil de láimh
Is féidir cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de
láimh, cainéal i ndiaidh cainéil.
• Córas
Chun an córas teilifíse a chur ar bun,
roghnaigh Córas.
• Déan cuardach do chainéal
Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh Cuardaigh
Cainéal agus brúigh OK. Is féidir leat minicíocht a
chur isteach tú féin chun cainéal a aimsiú nó ligint
don teilifís cuardach a dhéanamh don chainéal.
Brúigh OK, roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK
chun cainéal a chuardach go huathoibríoch.
Taispeántar an cainéal aimsithe ar an scáileán agus
má tá an fáiltiú lag, brúigh Cuardaigh arís. Má tá uait
an cainéal a stóráil, roghnaigh Déanta agus
brúighOK.
• Míntiúnáil
Chun cainéal a mhíntiúnáil,
roghnaigh Míntiúnáil agus brúigh OK. Is féidir leat
an cainéal a mhíntiúnáil le or .
IMá tá uait an cainéal a aimsíodh a stóráil,
roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
• Stóráil
Is féidir leat an cainéal a stóráil ar uimhir an chainéil
reatha nó mar uimhir cainéil nua.
Roghnaigh Stóráuil agus brúigh OK. Taispeánfar an
uimhir nua cainéal.
Is féidir leat na céimeanna seo a dhéanamh arís agus
arís eile go dtí go bhfuil gach cainéal teilifíse
analógach aimsithe agat.
Satailít
Déan cuardach do Shatailít agus do Shocruithe
Satailíte
(Baile) > Socruithe > Cainéil > Suiteáil
satailíte > Déan cuardach do shatailít
Athshuiteáil gach cainéal
(Baile) > Socruithe > Cainéil > Suiteáil
satailíte > Déan cuardach do shatailít > Athsuiteáil
cainéil
• Roghnaigh an grúpa cainéal a bhfuil uait iad a
shuiteáil.
• Is féidir le hoibritheoirí satailíte pacáistí cainéal a
thairiscint a chuachann cainéil shaora agus a
thairgeann sórtáil a fheileann do thír. Tairgeann roinnt
satailítí pacáistí suibscríbhinne - cnuasach cainéal a n-
íocann tú astu.
Cineál naisc
Roghnaigh an líon satailítí a bhfuil uait iad a shuiteáil.
Socraíonn an teilifís an cinéal naisc cuí go
huathoibríoch
• Suas le 4 Satailít - Is féidr leat suas le 4 satailít (4
LNBanna) a shuiteáil ar an teilifís seo. Roghnaigh
díreach an líon satailítí ar mian leat iad a shuiteáil ag
tús na suiteála. Éascóidh sé sin an tsuiteáil.
• Unicable - Is féidir leat córas Unicable a úsáid chun
an mhias aeróige a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat
Unicable a roghnú do shatailít 1 nó 2 satailít ag tús na
suiteála.
Socruithe LNB
Is féidir leat na sainsocruithe don trasfhreagróir
frithinge agus do gach LNB a athrú i roinnt tíortha. Ná
húsáid ná athraigh na socruithe sin nuair atá teiptha
ar ghnáthshuiteáil. Má tá trealamh satailíte nach
bhfuil caighdeánach agat, is féidir leat na socruithe sin
a úsáid chun na gnáthshocruithe a shárú. D'fhéadfadh
roinnt soláthróirí luachanna don trasfhreagróir nó don
LNB a thabhairt duit ar féidir leat iad a chur isteach
anseo.
• Uilíoch nó Ciorclach - An gnáthcineál LNB, is iondúil
gur féidir leat an cineál seo a roghnú do do LNB.
• Minicíocht LO Íseal/ Minicíocht LO Ard - Socraítear
minicíochtaí na n-ascaltóirí áitiúla do luachanna
caighdeánacha. Ná hathraigh na luachanna ach
amháin i gcás trealaimh eisceachtúil a bhfuil
luachanna éagsúla ag teastáil uaidh.
• Ton 22 kHz - Is é an socrú réamhshainithe don Ton
ná Uathoibríoch.
• Cumhacht LNB - Is é an socrú réamhshainithe don
Chumhacht LNB ná Uathoibríoch.
Déan Cuardach Uathoibríoch do Chainéil
(Baile) > Socruithe > Cainéil > Suiteáil
satailíte > Nuashonrú cainéal uathoibríoch
Má fhaigheann tú cainéil dhigiteacha, is féidir leat an
teilifís a shocrú chun an liosta a nuashonrú leis na
cainéil nua.
Mar rogha air sin, is féidir leat nuashonrú cainéal a
thosú tú féin.
Nuashonrú cainéal uathoibríoch
Déanann an teilifís nuashonrú ar na cainéil agus
stórálann sé cainéil nua uair amháin in aghaidh an
lae, ag 6 AM. Stóráltar cainéil nua sa liosta Gach
cainéal ach sa liosta Cainéil nua freisin. Baintear
cainéil fholmha as.
Má aimsítear cainéil nua nó má dhéantar nuashonrú
22
Bekijk gratis de handleiding van Philips 65PUS9050, stel vragen en lees de antwoorden op veelvoorkomende problemen, of gebruik onze assistent om sneller informatie in de handleiding te vinden of uitleg te krijgen over specifieke functies.
Productinformatie
Merk | Philips |
Model | 65PUS9050 |
Categorie | Televisie |
Taal | Nederlands |
Grootte | 9403 MB |