Philips 65PUS9050 handleiding

90 pagina's
PDF beschikbaar

Handleiding

Je bekijkt pagina 15 van 90
feidhmchlár is ansa leat inniu.
Tá an feidhmchlár Philips Smart TV ar fáil in aisce do
iOS agus Android.
Mar rogha air sin, is féidir leat dul go
(Baile) > Socruithe > Gan sreang & Líonraí
> Sreangaithe nó Wi-Fi > Feidhmchlár cianda chód
agus brúigh OK; taispeánfar cód QR ar an scáileán
teilifíse. Scan an cód QR le do ghléas móibíleach agus
lean an treoir chun an feidhmchlár Philips Smart TV a
íoslódáil agus a shuiteáil. Agus an feidhmchlár á
húsáid agat, ní mór do ghléas soghluaiste agus Philips
TV a cheangal leis an líonra Wi-Fi céanna.
5.7. Gléas eile
CAM le Cárta Cliste - CI+
Maidir le CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag
oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Déanann
an t-oibritheoir teilifíse scrobhadh ar na cláir seo agus
díscrobhtar iad le modúl CI+ réamhíoctha.
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollach - CAM) ar fáil mar aon le cárta
cliste a ghabhann leis, nuair a liostálann tú lena gcláir
phréimhe. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag
an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le
haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus
coinníollacha.
Cárta Cliste
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís:…
1. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus
don teilifís.
2. Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3. Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé.
Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
15

Bekijk gratis de handleiding van Philips 65PUS9050, stel vragen en lees de antwoorden op veelvoorkomende problemen, of gebruik onze assistent om sneller informatie in de handleiding te vinden of uitleg te krijgen over specifieke functies.

Productinformatie

MerkPhilips
Model65PUS9050
CategorieTelevisie
TaalNederlands
Grootte9403 MB