Handleiding
Je bekijkt pagina 75 van 86

chonneáil agus a chur i suíomh éigin eile, tá an
fheidhm chéanna ag an méid thuasluaite.
An Baol a bhaineann le Ceallraí
• Ná ionghabh an ceallra. Tá baol dó cheimicigh ann.
• D’fhéadfadh ceallra cnapchille/bonnchille a bheith
sa chianrialtán. Má shloigtear an ceallra cille seo, tá sé
in ann a bheith ina údar do dhónna diana
inmheánacha laistigh de 2 uair agus d'fhéadfaí bás a
fháil.
• Coinnigh ceallraí nua agus úsáidte in áit nach bhfuil
leanaí in ann lámh a leagan orthu.
• Mura ndúnann raca na gceallraí i gceart, éirigh as
úsáid an táirge agus coinnigh amach ó leanaí é.
• Má cheapann tú gur sloigeadh ceallraí nó gur
cuireadh laistigh d'aon chuid den cholainn iad, iarr
cóir leighis láithreach.
• Tá baol tine nó pléasctha ann má dhéantar an
ceallra a athsholáthar leis an gceann mícheart.
• Ceallra a athsholáthar le cineál mícheart atá in ann
CUMHDACH a shárú (mar shampla, i gcás roinnt
cineálacha ceallra litiam).
• Má dhéantar an ceallra a dhiúscairt trí é a
chaitheamh isteach sa tine nó oigheann te, nó tríd an
gceallra a bhrú nó a ghearradh go meicniúil,
d’fhéadfadh sé pléascadh.
• Má fhágtar an ceallra i dtimpeallacht a bhfuil teocht
an-ard ann, d’fhéadfadh sé PLÉASCADH nó
d’fhéadfadh leacht nó gás inlasta sceitheadh as.
• Má fhágtar an ceallra i dtimpeallacht a bhfuil
aerbhrú an-íseal ann, d’fhéadfadh sé PLÉASCADH
nó d’fhéadfadh leacht nó gás inlasta sceitheadh as.
Baol Róthéite
Ná cuir an teilifís go deo in áit a bhfuil an spás cúng
ann. Bíodh spás 20 ceintiméadar nó 8 n-orlach ar a
laghad timpeall na teilifíse i gcónaí le haghaidh
aeraithe. Bí cinnte nach gclúdaíonn cuirtíní nó rudaí
eile sliotáin aeraithe na teilifíse.
Stoirmeacha Tintrí
Dínasc an teilifís ón asraon cumhachta agus ón aeróg
roimh stoirmeacha tintrí. 
Ná leag do lámh go deo ar aon phíosa den teilifís, den
seolán cumhachta nó de chábla na haeróige i rith
stoirmeacha tintrí.
Baol Damáiste Éisteachta
Ná húsáid cluasáin ar feadh tréimhsí fada nuair a
bhíonn an fhuaim an-ard agat.
Teochtaí Ísle
Má dhéantar an Teilifís a iompar i dteochtaí faoi bhun
5°C nó 41°F, bain an Teilifís agus fan go dtí go
mbaineann an teocht Teilifíse teocht an tseomra sula
ndéantar an Teilifís a cheangal leis an asraon
cumhachta.
Bogthaise
Tá sé in ann tarlú go hannamh, ag brath ar theocht
agus ar bhogthaise, go mbeidh mion-comhdhlúthú ar
an taobh istigh d'aghaidh ghloine na teilifíse (ar roinnt
múnlaí). Chun é seo a chosc, ná nocht an teilifís do
sholas díreach na gréine, do theas ná do an-
bhogthaise. Má tharlaíonn comhdhlúthú, imeoidh sé
go spontáineach agus an Teilifís ag seinnt ar feadh
cúpla uair an chloig. 
Ní dhéanfaidh taise an chomhdhlúthaithe dochar don
teilifís nó ní bheidh sé ina chúis mífheidhme.
23.2. Cúram Scáileáin
Glan
• Ná bíodh aon rud i dteagmáil leis an scáileán agus
ná húsáid aon rud chun an scáileán a bhrú, a chuimilt
nó a bhualadh.
• Bain amach pluga na teilifíse sula nglanann tú í.
• Glan an teilifís agus an fráma le ceirt bhog thais agus
cuimil go séimh í. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól,
ceimicigh nó glantóirí tí ar an teilifís.
• Chun dífhoirmithe agus téaltú na ndathanna a
sheachaint, glan suas braonta uisce chomh tapaidh
agus is féidir.
• Seachain íomhánna cónaitheacha a mhéid is féidir.
Íomhánna a fhanann ar an scáileán ar feadh tréimhsí
fada iad íomhánna cónaitheacha. Áirítear le
híomhánna cónaitheacha roghchláir ar an scáileán,
barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Má chaitheann tú
íomhánna cónaitheacha a úsáid, laghdaigh
codarsnacht agus gile an scáileán chun damáiste don
scáileán a sheachaint.
75
Bekijk gratis de handleiding van Philips 65PUS8550, stel vragen en lees de antwoorden op veelvoorkomende problemen, of gebruik onze assistent om sneller informatie in de handleiding te vinden of uitleg te krijgen over specifieke functies.
Productinformatie
| Merk | Philips | 
| Model | 65PUS8550 | 
| Categorie | Televisie | 
| Taal | Nederlands | 
| Grootte | 9021 MB | 







