Philips 65PUS8550 handleiding

86 pagina's
PDF beschikbaar

Handleiding

Je bekijkt pagina 69 van 86
22. Fabhtcheartú
22.1. Leideanna
Mura féidir leat réiteach don fhadhb Teilifíse a aimsiú i
Fabhtcheartú, is féidir leat a dhul chuig Cabhair >
treoir úsáideora chun an leathnach is ábhartha a
aimsiú sa treoir Úsáideora.
Mura bhfuil an freagra ar do cheist sa Treoir
úsáideora, is féidir leat dul go dtí suíomh gréasáin
tacaíochta Philips.
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne
chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a
réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus
uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport.
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil
linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta,
chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta
(CCanna). Is féidir leat dul i mbun comhrá le duine dár
gcomhoibrithe i roinnt tíortha agus do cheist a chur go
díreach nó ceist a sheoladh trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil, nó an
treoir úsáideora chun í a léamh ar do ríomhaire.
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do
ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir
leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le
haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó
ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an
leathanach ábhartha ó Chabhair ó do ríomhaire.
Chun Cabhair (treoir úsáideora) a íoslódáil téigh
chuig www.philips.com/TVsupport
22.2. Cas As
Ní chasann an teilifís air
• Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan ar feadh nóiméid agus ansin cuir
isteach arís é. Cinntigh go bhfuil an cábla cumhachta
nasctha go daingean. Bain triail as an teilifís a
chasadh air arís.
• Nasc an teilifís le soicéad eile agus triail í a chasadh
air.
• Dínasc gach gléas nasctha eile ón teilifís agus triail í
a chasadh air.
• Má tá solas fuireachais na teilifís air, tá an seans ann
nach bhfreagróidh an teilifís don chianrialtán.
Tá fuaim dhíoscánach ann nuair a chastar air nó as
é
Nuair a bhíonn tú ag casadh na teilifís air nó ar
fhuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscánach ó
fhonnadh na teilifíse. Is mar gheall ar ghnáthleathadh
agus cungú na teilifíse an fhuaim dhíoscánach sin,
agus an teilifís ag fuarú agus ag téamh. Ní chuireann
sé isteach ar fheidhmíocht.
Téann an teilifís ar ais go Fuireachas tar éis scáileán
tosaithe Philips a thaispeáint
Nuair atá an teilifís i bhFuireachas, taispeántar
scáileán tosaithe Philips, ansin filleann an teilifís ar
mhód Fuireachais. Is gnáthiompar é sin. Nuair a
dhínasctar an teilifís agus nuair a nasctar arís í leis an
soláthar cumhachta, taispeántar an scáileán tosaithe
an chéad uair eile a thosaítear í. Chun an teilifís a
chasadh air ó fhuireachas, brúigh (Fuireachas / Air)
ar an gcianrialtán nó ar an teilifís.
Coinníonn an solas Fuireachais leis ag caochaíl
Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan 5 nóiméad sula nascann tú an cábla
cumhachta arís. Má tharlaíonn an caochadh arís,
seiceáil ar Cabhair > Sonraí teagmhála agus déan
teagmháil le Cúram Tomhaltóra Philips TV.
Casann an teilifís as léi féin
Má mhúchann an Teilifís go tobann, d'fhéadfadh an
socrú Múch an t-amadóir a bheith casta ar siúl.
Le Múch an t-amadóir múchann an teilifís tar éis 4
uaire mura bhfuarthas aon teagmháil ón chianrialtán.
Chun an casadh as uathoibríoch sin a sheachaint, is
féidir leat an casadh as seo a dhíghníomhachtú.
Anuas air sin, mura bhfhaigheann an teilifís
comhartha teilifíse nó ordú cianrialtáin ar feadh 10
nóiméad, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch.
22.3. Cianrialtán
Ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán
• Teastaíonn roinnt ama ón teilifís tosú. I rith an ama
sin, ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán ná do
rialcuithe na teilifíse. Is gnáthiompar é sin.
• D’fhéadfadh ceallraí an chianrialtáin a bheith caite.
Faigh ceallraí nua.
69

Bekijk gratis de handleiding van Philips 65PUS8550, stel vragen en lees de antwoorden op veelvoorkomende problemen, of gebruik onze assistent om sneller informatie in de handleiding te vinden of uitleg te krijgen over specifieke functies.

Productinformatie

MerkPhilips
Model65PUS8550
CategorieTelevisie
TaalNederlands
Grootte9021 MB