Handleiding
Je bekijkt pagina 30 van 86

8. Eolaire Teilifíse
8.1. A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá
sceidealta ar do chainéil a fheiceáil leis an Eolaire
Teilifíse. Taispeánfar cainéil analógacha agus
dhigiteacha nó cainéil dhigiteacha amháin, ag brath ar
cé as atá eolas (sonraí) an eolaire teilifíse ag teacht. Ní
bhíonn eolas Eolaire Teilifíse ag gach cainéal.
Is féidir leis an teilifís eolas ón eolaire teilifíse a bhailiú
do na cainéil atá suiteáilte ar an teilifís (e.g na cainéil
a bhféachann tú orthu le Féach ar theilifís). Ní féidir
leis an teilifís eolas ón Eolaire Teilifíse a bhailiú do
chainéil a bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach.
8.2. An Eolaire Teilifíse a
Úsáid
Oscail an Eolaire Teilifíse
Chun an tEolaire Teilifíse a oscailt, brúigh EOLAIRE
TEILIFÍSE.
Brúigh EOLAIRE TEILIFÍSE arís chun é a dhúnadh.
Déanann an teilifís scanadh ar gach cainéal teilifíse le
haghaidh eolas cláir an chéad uair a osclaíonn tú an
tEolaire Teilifíse. D'fhéadfadh sé seo roinnt nóiméad a
thógáil. Stóráltar sonraí an Eolaire Teilifíse ar an
teilifís.
Tiúin do Chlár
Athraigh go clár
• Is féidir leat athrú go clár reatha ón eolaire teilifíse.
• Chun clár a roghnú, úsáid na méaracha saighde
chun ainm an chláir a roghnú.
• Gluais i dtreo na láimhe deise chun féachaint ar
chláir atá sceidealaithe níos deireanaí an lá sin.
• Chun athrú go dtí an clár (cainéal), roghnaigh an clár
agus brúigh OK.
Féach ar shonraí cláir
Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a thaispeáint,
brúigh INFO.
Nuashonraigh Eolaire Teilifíse
Is féidir leat an tEolaire Teilifíse a uasdátú chun an t-
eolas cláir is déanaí a fháil.
Chun an treoir teilifíse a nuashonrú, brúigh
ROGHANNA agus roghnaigh Nuashonraigh treoir
teilifíse. D’fhéadfadh sé roinnt nóiméad a thógáil chun
an t-uasdátú a chríochnú.
Athraigh an Lá
Má thagann eolas ón Eolaire Teilifíse ón gcraoltóir, is
féidir leat Cainéal suas a bhrú chun sceideal ceann de
na laethanta amach anseo a fheiceáil. Brúigh Cainéal
síos chun filleadh ar an lá roimhe sin.
De rogha air sin, is féidir leat ROGHANNA a bhrú
agus Athraigh lá a roghnú.
Cuardaigh de réir Seánra
Má tá an t-eolas ar fáil, is féidir leat cláir sceidealaithe
a aimsiú de réir seánra cosúil le scannáin, spóirt, srl.
Chun cláir a chuardach de réir seánra, brúigh
ROGHANNA agus roghnaigh Cuardaigh de réir
seánra.
Roghnaigh seánra agus brúigh OK. Taispeánfar liosta
leis na cláir a aimsíodh.
30
Bekijk gratis de handleiding van Philips 65PUS8550, stel vragen en lees de antwoorden op veelvoorkomende problemen, of gebruik onze assistent om sneller informatie in de handleiding te vinden of uitleg te krijgen over specifieke functies.
Productinformatie
Merk | Philips |
Model | 65PUS8550 |
Categorie | Televisie |
Taal | Nederlands |
Grootte | 9021 MB |