Philips 65PUS8050 handleiding

87 pagina's
PDF beschikbaar

Handleiding

Je bekijkt pagina 23 van 87
*Tabhair faoi deara: Níl an Feidhmchlár Freely ar fáil
ach amháin nuair atá an tír socraithe ar Ríocht
Aontaithe.
Feidhmchláir Oibreora
HD+ OpApp
HD+ OpApp
Tá HD+ OpApp* curtha ar fáil ag HD+ d’úsáideoirí na
Gearmáine agus is féidir leis bosca bairr fíorúil a
reáchtáil ar an teilifís. Tá na feidhmchláir agus na
feidhmeanna a mbíodh bosca bairr fisiciúil uait chun
rochtain a fháil orthu ag an bhfeidhmchlár seo.
Teastaíonn nasc idirlíne agus ní mór duit glacadh le
Téarmaí Úsáide Philips, an Polasaí Príobháideachais
agus le Téarmaí Úsáide an Smart TV chun an HD+
OpApp a shuiteáil. Is féidir leat an Feidhmchlár a
shuiteáil trí Scáileán na bhFeidhmchlár nó tríd an
rogha Déan cuardach do shatailítí sa roghchlár
Socruithe.
Murar féidir HD+ OpApp a íoslódáil nó a shuiteáil,
bain triail as arís ar ball. Déan teagmháil le HD+ mura
n-éireoidh leat.
A luaithe is atá HD+ OpApp suiteáilte go rathúil, is
féidir leat tús a chur leis an tréimhse shaor. Athraigh
an fhoinse go Féach ar Shatailít i ndiaidh na suiteála.
Má bhí Modúl CAM do HD+ in úsáid agat roimhe seo,
is féidir leat é a bhaint as anois. Má chuirtear CICAM
isteach sa teilifís, ní bhainfear úsáid as chun an
comhartha a dhíscrobhadh agus tú ag féachaint ar
chainéal satailíte.
Tar éis don HD+ OpApp a bheith suiteáilte, cuirfear
isteach ar chuid de na gnéithe.
• Níl liosta na gCeanán ar fáil ach in Aeróg/Cábla.
• Tagann an comhéadan úsáideora OpApp in áit
roghnú cainéal, Eolaire Teilifíse, faisnéis cainéal
• Déanfar athainmniú agus clónáil cainéal satailíte a
dhíchumasú.
*Tabhair faoi deara: Níl HD+ OpApp ar fáil ach dóibh
siúd atá cláraithe le HD+ agus is é an Ghearmáin an
socrú tíre.
Roghanna Cainéal
Roghanna Oscailte
Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat roinnt
roghanna a shocrú.
Ag brath ar an gcineál cainéil a bhfuil tú ag féachaint
air nó ag brath ar na socruithe teilifíse atá déanta
agat, tá roinnt roghanna ar fáil.
Chun roghchlár na roghanna a oscailt…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh OPTIONS.
2 - Brúigh OPTIONS arís chun é a dhúnadh.
Faisnéis Cláir
Roghnaigh Eolas cláir chun féachaint ar eolas faoin
gclár a bhfuil tú ag féachaint air.
Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a thaispeáint…
1 - Tiúnáil don chainéal.
2 - Brúigh INFO chun eolas cláir a oscailt nó a
dhúnadh.
3 - Mar rogha air sin, is féidir leat OPTIONS a bhrú,
Eolas Cláir a roghnú agus OK a bhrú chun an t-eolas
cláir a oscailt.
4 - Brúigh Ar ais chun an t-eolas cláir a dhúnadh.
Fotheidil
Chun Fotheidil a chasadh air, brúigh ROGHANNA
agus roghnaigh Fotheidil.
Is féidir leat fotheidil a athrú go Fotheidil
air Fotheidil as. Mar rogha air sin, is féidir leat
Uathoibríoch a roghnú.
Uathoibríoch
Más faisnéis teanga cuid den chraoladh digiteach
agus mura bhfuil an clár atá á chraoladh i do theanga
(an teanga a socraíodh ar an teilifís), is féidir leis an
teilifís fotheidil a thaispeáint go huathoibríoch i
gceann amháin de na teangacha fotheideal atá
roghnaithe agat. Ní mór do cheann amháin de na
teangacha fotheideal sin a bheith ina cuid den
chraoladh.
Is féidir leat na teangacha fotheideal is fearr leat a
roghnú in Teanga Fotheideal.
Teanga Fotheideal
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal
is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile
atá ar fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fotheideal
ar fáil, ní féidir leat an rogha seo a roghnú.
Teanga Fuaime
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fuaime is
fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fuaime eile atá ar
fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fuaime ar fáil, ní
féidir leat an rogha seo a roghnú.
23

Bekijk gratis de handleiding van Philips 65PUS8050, stel vragen en lees de antwoorden op veelvoorkomende problemen, of gebruik onze assistent om sneller informatie in de handleiding te vinden of uitleg te krijgen over specifieke functies.

Productinformatie

MerkPhilips
Model65PUS8050
CategorieTelevisie
TaalNederlands
Grootte9013 MB