Philips 65PUS8050 handleiding

87 pagina's
PDF beschikbaar

Handleiding

Je bekijkt pagina 19 van 87
Scan minicíochta
Roghnaigh an modh chun cuardach a dhéanamh do
chainéil.
Mearscanadh: roghnaigh an modh níos tapúla agus
úsáid na socruithe réamhshainithe atá á n-úsáid ag
an gcuid is mó de na soláthróirí cábla i do thír.
Iomlán:Má fhágann sé sin nach mbeidh aon
chainéal suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh,
is féidir leat an modh Scanadh Iomlán m a úsáid.
Bíonn níos mó ama ag teastáil ón modh sin chun
cainéil a chuardach agus a shuiteáil.
Ardsocruithe: Má fuair tú luach sonrach minicíocht
líonra chun cainéil a chuardach, roghnaigh
Ardsocruithe.
Méid eatramh na minicíochta
Déanann an teilifís cuardach do chainéil in eatraimh
de 8MHz.
Más é an toradh atá air sin nach suiteáiltear aon
chainéal nó roinnt cainéil a bheith ar iarraidh, is féidir
leat cuardach a dhéanamh in eatraimh níos lú
de 1MHz. Má bhaintear úsáid as na heatraimh 1MHz,
beidh níos mó ama ag teastáil chun cainéil a
chuardach agus a shuiteáil.
Mód minicíochta líonra
Má tá sé ar intinn agat an modh tapaidh
Mearscanadh sa Scanadh Minicíochta a úsáid chun
cainéil a chuardach, roghnaigh Uathoibríoch.
Úsáidfidh an teilifís 1 de na minicíochtaí líonra
réamhshainithe (nó HC - cainéal frithinge) mar atá in
úsáid ag an gcuid is mó de sholáthróirí cábla i do thír.
Má fuair tú luach sonrach minicíocht líonra chun
cainéil a chuardach, roghnaigh De Láimh.
Minicíocht líonra
Nuair atá an socrú De Láimh i bhfeidhm don Mhód
minicíochta líonra, is féidir leat an luach minicíochta
líonra a fuair tú ó d'oibritheoir cábla a chur isteach
anseo. Úsáid na heochracha uimhreach chun an
luach a chur isteach.
ID Líonra
Cuir isteach an ID Líonra a chuir do sholáthróir cábla
ar fáil duit.
Mód Ráta Siombaile
Murar thug do sholáthróir cábla luach ráta
siombaile le suiteáil ar na cainéil teilifíse, fág an
socrú Mód Ráta Siombaile ar Uathoibríoch.
Má fuair tú luach ráta siombaile sonrach,
roghnaigh De Láimh.
Symbol rate
Nuair atá an Mód ráta siombaile socraithe do De
láimh, is féidir leat an mód ráta siombaile a chur
isteach trí úsáid a bhaint as na heochracha
uimhreach.
Saor/Scrofa
Má tá suibscríbhinn agus CAM - Modúl Rochtana
Coinníollaí agat le haghaidh seirbhísí teilifíse nach
mór íoc astu, roghnaigh Saor + Scrofa. Mura bhfuil
suibscríbhinn agat chun cainéil nó seirbhísí teilifíse
nach mór íoc astu a fháil, is féidir leat Cainéil in Aisce
Amháin a roghnú.
Déan Cuardach Uathoibríoch do Chainéil
(Baile) > Socruithe > Cainéil > Suiteáil
aeróige/Cábla > Nuashonrú cainéal uathoibríoch
Má fhaigheann tú cainéil dhigiteacha, is féidir leat an
teilifís a shocrú chun an liosta a nuashonrú leis na
cainéil nua.
Mar rogha air sin, is féidir leat nuashonrú cainéal a
thosú tú féin.
Nuashonrú cainéal uathoibríoch
Déanann an teilifís nuashonrú ar na cainéil agus
stórálann sé cainéil nua uair amháin in aghaidh an
lae, ag 6 AM. Stóráltar cainéil nua sa liosta Gach
cainéal ach sa liosta Cainéil nua freisin. Baintear
cainéil fholmha as.
Má aimsítear cainéil nua nó má dhéantar nuashonrú
ar chainéil nó má bhaintear as iad, taispeántar
teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar air í. Ní mór
don teilifís a bheith ar Fuireachas chun cainéil a
nuashonrú go huathoibríoch.
Teachtaireacht Nuashonrú cainéil
(Baile) > Socruithe > Cainéil > Suiteáil
aeróige/Cábla > Teachtaireacht nuashonruithe
cainéal
Nuair a aimsítear cainéil nua nó má dhéantar
nuashonrú ar chainéil nó má bhaintear as iad,
taispeántar teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar
air í. Is féidir leat an teachtaireacht sin a chasadh as
ionas nach dtaispeánfar í i ndiaidh gach nuashonrú
cainéal.
Digiteach: Tástáil Ghlacachta
(Baile) > Socruithe > Cainéil > Suiteáil
aeróige/Cábla > Digiteach: tástáil glacachta
Taispeánfar an mhinicíocht dhigiteach don chainéal
seo. Má tá an ghlacacht lag, is féidir suíomh na
haeróige a athrú. Chun caighdeán comhartha na
minicíochta a sheiceáil arís,
roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK.
Chun minicíocht dhigiteach shonrach a chur isteach tú
féin, úsáid eochracha an chianrialtáin. Mar rogha air
sin, roghnaigh an mhinicíocht, lonnaigh na saigheada
ar uimhir le agus gus athraigh an uimhir
le agus . Chun an mhinicíocht a sheiceáil,
roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK.
19

Bekijk gratis de handleiding van Philips 65PUS8050, stel vragen en lees de antwoorden op veelvoorkomende problemen, of gebruik onze assistent om sneller informatie in de handleiding te vinden of uitleg te krijgen over specifieke functies.

Productinformatie

MerkPhilips
Model65PUS8050
CategorieTelevisie
TaalNederlands
Grootte9013 MB