Handleiding
Je bekijkt pagina 15 van 87

Socraigh Pasfhocail agus cóid PIN
Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt
CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a
shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an
cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís
a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN don CAM a shocrú…
1. Brúigh FOINSÍ .
2. Roghnaigh an cineál cainéil atá in úsáid agat don
CAM.
3. Brúigh ROGHANNA agus roghnaigh Comhéadan
Comónta.
4. Roghnaigh oibritheoir teilifíse an CAM. Is ón
oibritheoir teilifíse a thagann na scáileáin seo a
leanas. Lean na treoracha ar an scáileán chun an cód
PIN a fháil.
Gléas Stórála USB
Is féidir leat grianghraif a fheiceáil nó do cheol agus
físeáin a sheinm ó thiomántán USB flash nasctha.
Ionsáigh tiomántán USB flash i gceann de na
naisc USB ar an teilifís agus an teilifís ar siúl.
Braitheann an teilifís an tiomántán flash agus
osclaíonn sé liosta a thaispeánann a ábhar.
Mura bhfuil an liosta ábhar le feiceáil go
huathoibríoch, brúigh FOINSÍ agus
roghnaigh USB.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi féachaint ar
ábhar ó mhéaróg chuimhne USB nó é a sheinnt, féach
Cabhair > Treoir úsáideora > Grianghraif, Físeáin agus
Ceol.
5.8. Bluetooth®
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat gléas gan sreang a nascadh le Bluetooth®
leis an teilifís seo – callaire gan sreang nó cluasáin.
Chun fuaim na teilifíse a sheinnt ar challaire gan
sreang, ní mór duit an callaire gan sreang a phéireáil
leis an teilifís. Ní féidir leis an teilifís ach fuaim a
sheinnt ar challaire amháin san iarraidh.
Aire - Sioncronú Fuaim le Fís
Tá 'aga folaigh' ard, mar a thugtar air, ag go leor córas
callairí Bluetooth®. Ciallaíonn tréimhse folaigh ard go
mbíonn an fhuaim taobh thair den fhís, rud a fhágann
nach mbíonn an 'beolbheachtú' sioncronaithe. Sula
gceannóidh tú córas callairí Bluetooth® gan sreang, bí
cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoi na múnlaí is nuaí
agus aimsigh ceann a bhfuil rátáil aga folaigh íseal
aige. Beidh do mhiondíoltóir in ann comhairle a chur
ort.
Gléas a Phéireáil
Lonnaigh an callaire gan sreang laistigh d'achar 5
méadar ón teilifís. Léigh treoir úsáideora an ghléis
chun eolas sonrach a fháil faoi phéireáil agus faoi
raon gan sreang. Cinntigh go bhfuil an socrú
Bluetooth® ar an teilifís casta air.
Nuair atá callaire gan sreang péireáilte, is féidir leat é
a roghnú chun fuaim na teilifíse a sheinnt. Nuair atá
gléas péireáilte, ní gá é a phéireáil arís mura
mbainfidh tú an gléas as.
Chun gléas Bluetooth® a phéireáil leis an teilifís:
1 - Cas air an gléas Bluetooth® agus lonnaigh laistigh
de raon na teilifíse é.
2 - Brúigh (Baile) > Socruithe > Gan sreang &
Líonraí agus brúigh (deas) chun dul isteach sa
roghchlár.
3 - Roghnaigh Bluetooth > Cuardaigh Gléas
Bluetooth agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Déan Cuardach agus brúigh OK. Lean
na treoracha ar an scáileán. Péireálfaidh tú an gléas
leis an teilifís agus stórálfaidh an teilifís an nasc. Seans
go mbeidh ort gléas atá péireáilte a dhíphéireáil i
dtosach má tá an uasmhéid na ngléasanna péireáilte
bainte amach.
5 - Roghnaigh an cineál gléis agus brúigh OK.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
15
Bekijk gratis de handleiding van Philips 65PUS8050, stel vragen en lees de antwoorden op veelvoorkomende problemen, of gebruik onze assistent om sneller informatie in de handleiding te vinden of uitleg te krijgen over specifieke functies.
Productinformatie
Merk | Philips |
Model | 65PUS8050 |
Categorie | Televisie |
Taal | Nederlands |
Grootte | 9013 MB |